Tá caife le seacláid go maith dár gcroí

Léiríonn taighde nua a foilsíodh san iris Rheumatology an bealach a chosnaíonn caiféin i gcaife cealla (cells) a chuidíonn lenár gcroí a choinneáil shláintiúil.

featured-image

Is rud é a dhéanaimid go léir, caife a ól agus píosa seacláide blasta á ithe ach d’fhéadfadh sé a bheith míshláintiúil, síleann muid. Mar sin féin, léiríonn taighde nua go bhféadfadh caife agus seacláide le chéile a bheith go maith dár gcroí. Fuarthas amach go bhfuil éifeacht frith-athlastach (anti-inflammatory) ag caiféin ar shláinte shoithíoch (vascular), ag cuidiú le cealla (cells) damáiste a dheisiú agus le himshruthú na fola (circulation) a threisiú.

Tá sé molta ag saineolaithe go bhféadfadh thart ar dhá nó trí chupán caife in aghaidh an lae, daoine a chosc ó fhadhbanna croí, agus d’fhéadfadh sé cabhrú le téarnamh freisin. Sign up to IrishCentral's newsletter to stay up-to-date with everything Irish! De réir Foras Croí na hÉireann (Irish Heart Foundation), meastar go gcosnóidh galar cardashoithíoch €1.7 billiún sa bhliain ar an Stát, arb ionann beagnach leath de na costais sin dhíreacha cúram sláinte.



Mar sin féin, anois tá roinnt buntáistí aimsithe ag taighdeoirí ó Ollscoil Sapienza sa Róimh, agus ní hamháin nuair a bhíonn sé i gcaife, a d’fhéadfadh cabhrú le daoine croíthe níos sláintiúla a bheith acu. Rinne siad tástáil ar roinnt daoine féachaint an bhféadfadh caiféin i gcaife cabhrú lenár gcroí a dhéanamh níos sláintiúla. I staidéar beag, d’fhéach siad ar othair a raibh an baol ann go ndéanfaí damáiste dá gcroí níos airde mar gheall ar ghalair cosúil le lupus agus airtríteas réamatóideach (rheumatoid arthritis).

Fuair ​​​​eolaithe amach go raibh níos mó cealla ‘endothelial’ ag na daoine a d’ól caiféin rialta ina gcaife. Tá na cealla ‘endothelial’ tábhachtach mar is iad an ciseal tábhachtach inmheánach (inner layer) de fhuileadáin (blood vessels). Tugann na torthaí, san iris Rheumatology, le tuiscint go gcabhraíonn caiféin go gníomhach leis na cealla sin, ag laghdú an riosca a bhaineann le saincheisteanna sláinte croí, agus ní hamháin nuair a bhíonn sé i gcaife.

* This article was originally published on ExtraG.ie..